Díreofar sa cheardlann seo ar na suíomhanna gréasáin agus ar na hacmhainní teicneolaíochta is úsáidí atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge. Cuirfear in iúl do na rannpháirtithe conas iad a úsáid go héifeachtach agus conas is féidir iad a chur i láthair daltaí sa seomra ranga.
This workshop will focus on the most useful websites and technology resources available to those teaching Irish or teaching through Irish. Participants will be taught how to use them effectively and how to introduce them to students in the classroom.
Is ceardlann phraiticiúil é seo a chuideoidh leis na rannpháirtithe Gaeilge níos cruinne agus níos nádúrtha a scríobh.
This is a practical workshop that will help the participants write more accurate and natural Irish.
Fóirsteanach do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith Gaeilge labhartha acu agus eolas measartha ar ríomhairí.
Suitable for primary and secondary school teachers with a reasonably good standard of spoken Irish and a reasonable knowledge of computers.
Cuirfear ríomhaire ar fáil do rannpháirtithe na ceardlainne ach is féidir leo a ríomhaire glúine/táibléid féin a thabhairt leo más mian leo.
Workshop participants will be provided with a computer but may bring their own laptop/tablet if they wish.
Eolas faoin teagascóir / Information about the tutor:
Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas é Éamonn Ó Dónaill. Chaith sé na blianta 1996 go 2002 ag obair mar Stiúrthóir ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ba chomhairleoir teanga é ar feadh roinnt blianta ansin.
Éamonn Ó Dónaill is originally from the Donegal Gaeltacht of Gaoth Dobhair. He spent six years (1996-2002) working as Director of the Department of Modern Irish’s Language Centre, UCD, and subsequently worked as a language consultant.
I measc na leabhar eile atá foilsithe aige tá Gaeilge gan Stró! – Beginners Level (2011), Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level (2009) agus Gramadach gan Stró! (2008/2016).
His books include Gaeilge gan Stró! – Beginners Level (2011), Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level (2009) and Gramadach gan Stró! (2008/2016).
Bhí Éamonn ina Stiúrthóir Oideachais ar Ghaelchultúr idir Feabhra 2005 agus Márta 2021 agus is Cathaoirleach é anois ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, cúrsa atá á thairiscint ag Gaelchultúr ó bhí 2013 ann.
Éamonn served as Gaelchultúr’s Director of Education between February 2005 and March 2021 and is currently the chair of the Postgraduate Degree in Translation, which has been offered by Gaelchultúr since 2013.
Start Date | 29-05-2023 5:00 pm |
End Date | 29-05-2023 7:30 pm |
Cut off date | 29-05-2023 12:00 pm |
Individual Price | Free |
Location | Atlantic Technological University |