You are not connected. The newsletter may include some user information, so they may not be displayed correctly.

Ionad Tacaiochta Oideachais Chontae Dhun na nGall - Nuachtlitir na Seachtaine 3 (12/01/26 to 18/01/26)

Ionad Tacaiochta Oideachais Chontae Dhun na nGall - Nuachtlitir na Seachtaine 3 (12/01/26 to 18/01/26)

Seachtain 3 2026 (12/01/26 to 18/01/26)

Nuachtlitir Sheachtainiúil na nImeachtaí

A Phríomhoide/ Mhúinteora, a chara

 

Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir agus gach rath ar 2026 uainn go léir anseo in Ionad Tacaíochta Oideachais Chontae Dhún na nGall! 

 

San áireamh thíos tá achoimre ar gach imeacht Forbartha Gairmiúla Leanúnaí don tseachtain dar tús an 12 Eanáir 2026 chomh maith le roinnt príomhimeachtaí eile don chuid eile d'Eanáir 2026 agus ina dhiaidh sin.

 

Féadfaidh tú athbhreithniú a dhéanamh freisin ar na himeachtaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí seo go léir i rannóg na gcúrsaí Bunscoile nó Iar - bhunscoile ar shuíomh gréasáin an Ionaid.

 

Seo achoimre ar roinnt imeachtaí / tionscnaimh iontacha eile a bhféadfadh suim a bheith ag do scoil iontu:

  • Imeachtaí NCSE - Is féidir sonraí faoi aon Oiliúint Ghairmiúil Mhúinteoirí de chuid NCSE atá le teacht a fháil anseo. Chun clárú d'aon cheann den oiliúint seo cliceáil anseo le do thoil.
  • Imeachtaí Oide - Is féidir sonraí a fháil ar Oiliúint Ghairmiúíl Mhúinteora Oide a bheidh ag teacht aníos agus clárú fána gcoinne anseo.
  • Comhrá Náisiúnta ar Oideachas 2026 - Níl ach cúpla áit fágtha! - Trí pháirt a ghlacadh sa Chomhrá Náisiúnta is féidir leat cabhrú le todhchaí an oideachais in Éirinn a mhúnlú. Chun clárú don tionscnamh seo, cliceáil anseo le do thoil.
  • Cúinne an Ghiorria - Tá Cúinne an Ghiorria ag teacht go Dún na nGall agus beidh sé ar fáil do do scoil. Níl iarratais ar oscailt ach ar feadh tréimhse ghearr ón 1ú go dtí an 18ú Eanáir 2026 mar sin má tá suim agat cuir isteach chomh luath agus is féidir tríd an nasc seo a úsáid. Is féidir tuilleadh eolas a fháil freisin ar a suíomh gréasáin.
  • Is Comórtas Ealaíne 2025 É Seo! - Tá an comórtas seo fós ar oscailt d'iontrálacha ; rachaidh an spriocdháta d'iontrálacha in éag ar an 31 Eanáir 2026. Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun clárú, cliceáil anseo le do thoil.
  • Cnuas-Sheisiún Forfheidhmithe Cairde Saoil & Cairde Spraíúla 2026 - beidh cnuas-sheisiún forfheidmithe ar líne á reáchtáil ag NEPS, le tacaíocht ónár gcomhghleacaithe in Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe, ar an Déardaoin an 29 Eanáir 2026 ón 1:30 p.m. go 3:00 p.m. Baineann sé seo le múinteoirí a chríochnaigh a gcuid oiliúna roimhe seo nó a chuir an Clár Cairde don Saol agus/nó an Clár Cairde Spraíúla i láthair. Chun clárú, cliceáil anseo le do thoil.
  • Clár Cibearshlándála CALMAST 2026 do Scoláirí Idirbhliana - Is clár Idirbhliana é seo chun saol na cibearshlándála a chur i láthair scoláirí. Tugann an tionscnamh saineolaithe cibearshlándála áitiúla ón Tionsclaíocht, Cibearshlándáil Éireann (an comhlachas cibear-tionsclaíocht), taighdeoirí agus CALMAST, Ionad Rannpháirtíochta STEM SETU le chéile chun tionscnamh cibearshlándála idirghníomhach bunaithe ar fhadhbanna a rolladh amach do 100 scoil ar fud na hÉireann. Chun clárú, cliceáil anseo le do thoil.

Tá súil againn go mbeidh an fhaisnéis thuas agus atá ceangailte usáideach. Mar sin féin, má tá aiseolas le tabhairt agat dúinn faoi na teachtaireachtaí seo, seol teachtaireach ríomhphoist dúinn, más é do thoil é, ag admin@donegaledcentre.ie. Mar an gcéanna, déan ‘díliostáil’ ar an chaipe díliostála thíos muna bhfuil fonn ort iad seo a fháil níos mó.

 

Is mise, le mormheas, 

 

Kieran Mc Taggart

 

Stiurthóir


Ionad Tacaíochta Oideachais Chontae Dhún na nGall

Urlár 1

Páirc Ghnó Radharc an Ghleanna

Ceathrú na mBogach Uachtarach

Leitir Ceanainn

Contae Dhún na nGall

 

Gréasán:         www.donegaledcentre.ie

Rphost:          admin@donegaledcentre.ie